A Chairde,
Seo é an machnamh le haghaidh inniu:
“Níl in aon rud ach seal”. Insíonn an seanfhocal seo dúinn go gcaithfimid a bheith foighneach agus nach maireann na drochlaethanta ach ar feadh tréimhse ama teoranta. Le himeacht ama tiocfaidh feabhas ar chúrsaí agus beidh muid in ann ár gcairde agus ár ngaolta a fheiceáil arís.
Le meas,
Coiste na Gaeilge.